Welcome Message from Ambassador Callan
Welcome to the website of the Permanent Mission of Ireland to the Organisation for Security and Cooperation in Europe. I hope you will find the information contained here useful and interesting.
Ireland was a founder member in 1975 of the Conference on Security and Cooperation in Europe (CSCE), which became the Organisation for Security and Cooperation in Europe in 1994. Ireland assumed the Chairpersonship of the OSCE for 2012 and then Tánaiste Eamon Gilmore T.D. acted as Chair-in-Office.
The OSCE is the world’s largest regional security organisation. Its 57 participating States cover the geographical area from Vancouver to Vladivostok and include four of the five permanent members of the UN Security Council.
The role of the Permanent Mission of Ireland to the OSCE is to promote Ireland's foreign policy interests and values at the OSCE and to promote effective multilateral and regional cooperation in line with the organisation's comprehensive approach to security.
The OSCE provides a political forum in which participating States cooperate. Ireland supports OSCE efforts to advance peace and security in the OSCE area. They include a broad range of measures to improve confidence and security building, identify economic and environmental threats and advance the promotion of human rights, democracy and the rule of law.
The work of the OSCE reflects the values that lie at the heart of Ireland's foreign policy and contributes to our goal of a fairer, just, secure and sustainable world.
This website is designed to help you find out about Ireland’s role in the OSCE and about the OSCE itself. It also contains links to the OSCE Institutions, the Irish Department of Foreign Affairs and other closely related websites.
Fáilte
Fáilte chuig suíomh gréasáin Bhuan-Mhisean na hÉireann chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip. Tá súil agam go bhfaighidh tú an t-eolas atá anseo úsáideach agus suimiúil.
Bhí Éire ina ball bunaithe den Chomhdháil um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (CSCE) i 1975, ar tháinig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) aisti i 1994. Ghlac Éire Cathaoirleacht an ESCE don bhliain 2012 agus bhí Tánaiste Eamon Gilmore T.D. i bhfeighil imeachtaí na hEagraíochta ag an am sin.
Is í an ESCE an eagraíocht slándála réigiúnach is mó ar domhan. Tá 57 Stát annpháirteach ann a chuimsíonn an réigiún geografach ó Vancouver go Vladivostok agus áirítear leo ceithre cinn as na cúig bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Is é ról Bhuan-Mhisean na hÉireann chuig an ESCE leasanna agus luachanna bheartas eachtrach na hÉireann a chur chun cinn ag an ESCE agus comhar éifeachtach iltaobhach agus réigiúnach a chur chun cinn i gcomhréir le cur chuige cuimsitheach na heagraíochta i leith cúrsaí slándála.
Soláthraíonn an ESCE fóram polaitiúil ina gcomhoibríonn na Stáit rannpháirteacha. Tacaíonn Éire le hiarrachtaí an ESCE an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn i limistéar an ESCE. I measc na n-iarrachtaí sin tá réimse leathan beart chun muinín agus slándáil a fheabhsú, chun bagairtí eacnamaíocha agus comhshaoil a shainaithint agus chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn.
Léiríonn obair an ESCE na luachanna atá ag croílár bheartas eachtrach na hÉireann agus cuidíonn sé lenár sprioc domhan atá cóir, slán, inbhuanaithe agus níos cothroime a bhaint amach.
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cabhrú leat fáil amach faoi ról na hÉireann san ESCE agus faoin ESCE féin. Tá naisc ann freisin chuig Institiúidí ESCE, Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann agus suíomhanna gréasáin eile a bhfuil dlúthbhaint acu leo.