Oideachas
Is ceart daonna é an t-oideachas. Tá sé riachtanach d’fholláine an duine, d’fhorbairt inbhuanaithe agus do chomhtháthú sóisialta.
Le hoideachas ar ardchaighdeán, cuidítear le daoine a gcumas a uasmhéadú agus deiseanna nua a thapú. Cuirtear ar chumas daoine saolta níos folláine agus níos táirgiúla a chaitheamh le hoideachas ar ardchaighdeán, agus tá sé riachtanach chun sochaithe láidre a chothú. Le hoideachas, spreagtar an nuálaíocht a chuidíonn linn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an domhain atá ag athrú.
Ról an oideachais maidir le cumasú agus comhionannas
Tá buntáistí láidre go háirithe ag baint le hoideachas a thabhairt do chailíní agus do mhná ó thaobh an duine aonair agus na sochaí de. Is féidir leis an oideachas a bheith ina cheann feadhna ar chomhionannas inscne freisin. Is féidir le córais oideachais éagothroma iompar agus gnásanna dochracha a atreisiú.
Bhí an-tábhacht ag baint leis an rochtain a tugadh ar oideachas ar ardchaighdeán agus saor in aisce mar chuid de chlaochlú eacnamaíoch agus sóisialta na hÉireann. Táimid tiomanta tacaíocht a thabhairt do chórais oideachais ar fud an domhain. Is mian linn a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach páiste, go háirithe iad siúd is faide ar gcúl, ar an tionchar claochlaitheach céanna.
25%
Tá easpa leictreachais, sláintíochta bunúsach agus uisce óil ag 25% de scoileanna ar domhan
€250 milliún
Gealladh go gcuirfí €250 milliún ar fáil idir 2019 agus 2024 chun oideachas domhanda a fheabhsú
€100 milliún
Bronnadh €100 milliún ar an gComhpháirtíocht Dhomhanda don Oideachas ó bhí 2005 ann
Tacaíonn Éire le hoideachas ar fud an domhain trí:
Oideachas cailíní agus oideachas in éigeandálaí
An Chomhpháirtíocht Dhomhanda don Oideachas
Oibríonn Éire le Rialtais, comhpháirtithe agus ENRanna chun tacú le hoideachas ar fud an domhain. Creidimid in oideachas cothromasach, cuimsitheach agus ardchaighdeáin a thabhairt do gach páiste.
Domhan Níos Fearr
Le beartas na hÉireann um fhorbairt idirnáisiúnta, ‘Domhan Níos Fearr’, gealltar níos mó tacaíochta a thabhairt don oideachas. Dírímid go príomha ar oideachas i gcásanna éigeandála agus ar thacú le hoideachas cailíní. Bímid i gcónaí faoi threoir an phrionsabail uileghabhálaigh chun cuidiú leis na daoine is faide ar gcúl ar dtús.
Réimse tosaíochta eile ná infheistíocht a dhéanamh in oideachas an dara deis agus i bhforbairt scileanna do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste
Sa bheartas, gealltar go sonrach €250 milliún ar a laghad a chur ar fáil chun oideachas domhanda a fheabhsú thar thréimhse cúig bliana.
Oideachas cailíní agus oideachas in éigeandálaí
Leagann Éire béim ar leith ar oideachas cailíní. Leis an obair sin, aithnítear bealaí chun na rioscaí sonracha a bhíonn roimh chailíní sna déaga a mhaolú maidir le rochtain a fháil ar oideachas ar ardchaighdeán.
Dírímid freisin ar thacaíocht a thabhairt d’oideachas in éigeandálaí agus géarchéimeanna fada. Tá na páistí atá i gcás éigeandála daonnúla i mbaol go gcuirfí isteach ar a gcuid oideachais.
Riachtanais oideachais a éascú
In 2023, gheall Éire €18 milliún a chur ar fáil chun tacú le riachtanais oideachais láithreacha daoine óga in éigeandálaí daonnúla agus géarchéimeanna fada. Is freagra é sin ar an méadú atá tagtha ar riachtanais dhaonnúla ar fud an domhain.
Rochtain ar oideachas
Tá sé d’aidhm ag Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 (SDG4) a chinntiú go mbaineann gach páiste oideachas bunscoile agus meánscoile amach atá in saor aisce, cothromasach agus ar ardchaighdeán. Tacaíonn Éire le comhordú agus comhoibriú domhanda chun SDG4 a bhaint amach.
Is é an bealach is fearr agus is éifeachtaí tacaíocht a thabhairt do pháistí ná na córais náisiúnta oideachais a neartú. Caithfear infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar oideachais. Tá tacaíocht oiliúna ag teastáil ó mhúinteoirí.
Tacú le rochtain ar oideachas
In Siarra Leon, tacaíonn Éire leis an Rialtas chun Beartas Ionchuimsitheachta Radacach a chur chun feidhme tríd an gClár Oideachais SAOR IN AISCE agus trí chailíní a chur ar chumas filleadh ar an oideachas le tacaíocht ó UNFPA. Thacaigh Éire chomh maith le UNICEF agus MBSSE chun an Straitéis do Pháistí Lasmuigh den Scoil a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
An Chomhpháirtíocht Dhomhanda don Oideachas
Tá An Chomhpháirtíocht Dhomhanda don Oideachas (GPE) ar chomhpháirtí oideachais domhanda is mó na hÉireann. Sa chomhpháirtíocht, dírítear ar thacaíocht a thabhairt do chórais náisiúnta. In 2021, gheall Éire €60 milliún breise a bhronnadh thar thréimhse cúig bliana. Is ionann é sin agus méadú 44% ar na leibhéil chistithe roimhe sin. As an méid sin, cuirtear €10 milliún ar leataobh le haghaidh An Luasaire d’Oideachas Cailíní de chuid GPE.
Rannchuidiú na hÉireann le GPE
Chuir Éire €1 mhilliún de ranníocaíocht 2022 ar fáil don Bhruach Thiar agus do Gaza. Chuir an méid sin ar chumas GPE cistí a chur ar fáil don oideachas sa Phalaistín den chéad uair.
Tacaíonn Éire le hAireacht Oideachais na Palaistíne chun an córas oideachais a neartú. Bainimid an méid sin amach trí Chomhaontú Maoinithe Comhpháirteach in éineacht leis bhFionlainn, an Ghearmáin agus an Iorua.