Riachtanas daonnúil a laghdú
Is tosaíocht d'Éirinn é cúnamh tarrthála agus cosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth orthu.
Tá traidisiún láidir bródúil againn maidir le cúnamh daonnúil prionsabálta a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar. Tugaimid freagra ar éigeandálaí agus géarchéimeanna tobanna ar scála mór. Cuirimid tacaíocht leanúnach ar fáil freisin do ghéarchéimeanna leanúnacha i dtíortha atá imithe ó aigne an phobail go minic, amhail an tSomáil agus Éimin.
Cuireann Éire maoiniú daonnúil ar ardchaighdeán ar fáil atá cliste, tapa agus solúbtha. Tacaíonn sé seo lenár gcomhpháirtithe freagairt go tapa, oibriú san áit ina bhfuil na riachtanais is mó, agus an cineál cabhrach is oiriúnaí a sholáthar.
Táimid meáite ar mhaoiniú ilbhliantúil a chur ar fáil. Tacaíonn an cur chuige seo le cláir a chuidíonn le pobail atógáil agus teacht aniar.
Aithníonn Éire nach bhfuil aon réiteach daonnúil ar ghéarchéimeanna daonnúla. Is cur chuige é ár gcur chuige i gcomhthéacsanna leochaileacha a aithníonn na spreagthóirí líonmhara agus an gá atá le freagairt chomhleanúnach.
Éilíonn réitigh fhadtéarmacha naisc ar fud cláreagrú forbartha, coinbhleachtaí a chosc, gníomhú ar son na haeráide, cothú na síochána agus idirphlé polaitiúil.
Tá sé ríthábhachtach na naisc sin a chothú ar fud ár gcuid oibre chun timthriall na bhfreagraí éigeandála arís agus arís eile a bhriseadh.
363 milliún
duine ar fud an domhain a bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth orthu
€298 milliún
Buiséad daonnúil na hÉireann do 2022
11
Is í Éire an 11ú deontóir daonnúil is mó ar domhan per capita
Is éard atá i gceist le cur chuige na hÉireann i leith cúnamh daonnúil:
Riachtanas daonnúil a laghdú
Tá laghdú ar an riachtanas daonnúil ar cheann de cheithre thosaíocht i mbeartas forbartha idirnáisiúnta na hÉireann, ‘Domhan Níos Fearr'. Is cuid lárnach dár mbeartas eachtrach é. Is léiriú soiléir é freisin ar ár luachanna.
Ciallaíonn riachtanas daonnúil a laghdú aitheantas a thabhairt don phráinn a bhaineann le cabhair dhaonnúil tarrthála a chur ar fáil. Éilíonn sé athléimneacht na ndaoine is mó atá i mbaol a thógáil freisin. Tá sé seo ríthábhachtach má táimid chun nádúr leanúnach go leor géarchéimeanna a bhriseadh agus an gá atá le hidirghabhálacha daonnúla arís agus arís eile.
Tá méadú ag teacht ar líon na ngéarchéimeanna daonnúla agus an fad a mhaireann. Tá sé seo á spreagadh den chuid is mó ag coimhlint, athrú aeráide, éifeachtaí Covid-19 atá ann ar fad agus turraingí eacnamaíocha.
Tá an cogadh neamhdhleathach san Úcráin, lena n-áirítear a thionchair níos leithne ar shlándáil bhia dhomhanda, tar éis an córas daonnúil a bhrú go dtí a acmhainn.
Tá cúnamh daonnúil ag teastáil ó 363 milliún duine, an méid is mó riamh.
Maoiniú daonnúil
Tá méadú tagtha ar mhaoiniú daonnúil na hÉireann ag freagairt do riachtanas atá imithe i méid. In 2022, chuir Éire breis agus €297.8 milliún ar fáil chun tacú le géarchéimeanna daonnúla ar fud na cruinne. B'ionann sin agus méadú 31% ar 2021. Táimid ar cheann de na 20 deontóir daonnúla is fearr ar domhan.
Díríonn ár maoiniú orthu siúd is mó atá i ngátar, go háirithe mná, cailíní agus daoine atá faoi mhíchumas.
Aithnítear Éire mar dheontóir láidir prionsabálta. Tá ár gcúnamh bunaithe ar phrionsabail dhaonnúla an neamhspleáchais, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an chine dhaonna.
Tá ár maoiniú dírithe ar na géarchéimeanna daonnúla is déine. Tá béim láidir againn ar ghéarchéimeanna dearmadta agus fada atá imithe ó aigne an phobail. Díríonn ár maoiniú orthu siúd is mó atá i ngátar, go háirithe mná, cailíní agus daoine atá faoi mhíchumas.
Cuirtear ár dtacaíocht ar fáil ar bhealach tráthúil, éifeachtach agus spriocdhírithe trí réimse comhpháirtithe daonnúla iontaofa. Ina measc seo tá gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, an AE, teaghlach na Croise Deirge agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.
Faighteoirí mhaoiniú daonnúil na hÉireann
Cuireann Éire maoiniú tiomanta ar fáil d'achainí a bhaineann go sonrach le géarchéimeanna. In 2022, ba iad seo a leanas na deich dtír is mó ar faighteoirí iad a fuair maoiniú daonnúil ó Éirinn:
- An Úcráin
- An Aetóip
- An tSomáil
- An tSúdáin Theas
- críoch na Palaistíne atá faoi fhorghabháil
- An tSúdáin
- An tSiria
- Éimin
- An Liobáin
- An Afganastáin
Bhíomar ar na chéad deontóirí a thug freagra ar an ngéarchéim dhaonnúil san Úcráin. D'fhógair Éire pacáiste suntasach ar an gcéad lá den ionradh. Mhéadaigh sé seo go €20 milliún ina dhiaidh sin.
In 2022, chuir Éire maoiniú éigeandála breise €30 milliún ar fáil freisin chun an gorta atá le tarlú i gCorn na hAfraice a chosc.
I mí Dheireadh Fómhair 2023, bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a d'fhreagair don ghéarchéim in Gaza, nuair a chuir muid €13 mhilliún ar fáil do chomhpháirtithe na Náisiún Aontaithe.
Maoiniú solúbtha agus ilbhliantúil
Tá Éire meáite ar mhaoiniú a chur ar fáil atá solúbtha agus ilbhliantúil. Tá seo ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Tá go leor buntáistí ag baint le maoiniú ar an mbealach seo. Tacaíonn sé lenár gcomhpháirtithe pleanáil a dhéanamh, cláreagrú do riachtanais phráinneacha agus freagairt go tapa dóibh. In 2022, chonaiceamar a thábhachtaí is a bhí sé seo de réir mar a chuaigh an ghéarchéim bia i gCorn na hAfraice in olcas agus de réir mar a tháinig géarchéimeanna nua chun cinn sa Phacastáin agus san Úcráin.
Éascaíonn sé cláreagrú fadtéarmach freisin a thacaíonn le slite beatha agus a chothaíonn athléimneacht. Go criticiúil, tógann an cineál maoinithe seo comhpháirtíocht láidir le pobail, le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla.
Réamhghníomh
In 2022, mhéadaigh Éire a tacaíocht do ‘réamhghníomh'. Bíonn an cur chuige ag súil le suaití agus gníomhaíonn go luath.
Tá os cionn leath de ghéarchéimeanna an lae inniu intuartha go pointe. Is bealach éifeachtach é an cur chuige seo chun beatha daoine a shábháil, caillteanais a chosc agus costais a laghdú. In 2022, d'úsáid comhpháirtithe na hÉireann an cur chuige seo mar fhreagairt ar thriomach atá le teacht sa tSiombáib, ar thonnta teasa sa Phacastáin agus ar thuilte sa tSúdáin Theas.
An Tionscnamh Mearfhreagartha
Tacaíonn Tionscnamh Mearfhreagartha na hÉireann le himscaradh tapa saineolaithe agus réamhshuíomh stoic éigeandála lena scaoileadh láithreach nuair a tharlaíonn tubaistí.
Tugann na saineolaithe seo réimse saineolais chriticiúil ar shaincheisteanna cosúil le huisce, sláintíocht, cothú, lóistíocht, foscadh, inscne agus cosaint leanaí.
In 2022, imscaradh 24 ball den Chór Mearfhreagartha chuig gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe in 13 thír. I measc na dtíortha a raibh baill ag obair iontu, bhí na hOileáin Fhilipíneacha, Buircíne Fasó, an Liobáin, an tSúdáin Theas, Madagascar, an tSlóvaic agus an Pholainn.
Imscaradh 204 tona méadrach d'earraí faoisimh éigeandála chun cabhrú le teaghlaigh easáitithe a díláithríodh sa Mhaláiv, sa DRC, sa tSomáil agus sa Mholdóiv. I measc na n-earraí seo bhí blaincéid, foirne cistine agus trealamh sláintíochta.
Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha InbhuanaitheGoals
Ciallaíonn gealltanas na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) do 'Ná Fágtar Aon Duine ar gCúl' nach mór gurb é an tosaíocht i gcónaí na teagmháil a dhéanamh leis na daoine is leochailí.
Tá an dul chun cinn leis na SDGanna a bhaint amach mall sna comhthéacsanna is leochailí. Sna suíomhanna seo, tá Éire tiomanta do:
- tacú le hairgead tirim agus dearbháin éigeandála (SDG1)
- bia agus cothú éigeandála (SDG2)
- seirbhísí sláinte éigeandála (ag cur le SDG3)
- leanúint ag cur oideachas ar fáil (SDG4)
- sláinte agus uisce agus seirbhísí sláintíochta (SDG6)
Díríonn maoiniú daonnúil na hÉireann ar riachtanais agus cumais shonracha na mban agus na gcailíní (SDG5). Déantar é a chur ar fáil níos mó agus níos mó ar bhealach aeráid-chliste agus aeráid-díonach (SDG13). Cuireann obair forbartha na hÉireann, go háirithe ar chórais bhia, ar chosaint shóisialta, ar oideachas agus ar shláinte dhomhanda, go mór leis na SDGanna i suíomhanna géarchéime.