Síocháin agus cobhsaíocht
Tá rannpháirtíocht na hÉireann i réiteach coinbhleachtaí agus i gcothú na síochána fothaithe inár gcuid taithí féin maidir le síocháin a chothú agus athmhuintearas a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.
Trínár gcuid taithí a roinnt, cuidítear linn síocháin a chosaint agus a chothú in Éirinn, agus cuidítear le daoine a dteastaíonn uathu síocháin a chothú in áiteanna eile.
Is eol dúinn go cothaítear síocháin níos seasmhaí agus níos inbhuanaithe mar thoradh ar chuir chuige ionchuimsitheacha ina bhfuil príomhról ag cearta daonna. Bíonn gach próiseas síochána uathúil, ach trí cheachtanna a roinnt is féidir linn foghlaim óna chéile.
Tá macalla cumhachtach ag clár oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála in Éirinn. Tá an tionchar claochlaitheach a bhí ag mná ar phróiseas síochána Thuaisceart Éireann feicthe againn. Bhí an tionchar sin le feiceáil san idirbheartaíocht maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta agus sa chaoi go leantar leis an obair atá riachtanach chun síocháin a chothú sa lá atá inniu ann.
Ag tacú leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht
Oibrímid leis an bpobal idirnáisiúnta chun réiteach coinbhleachtaí a chur chun cinn ar fud an domhain. Dírítear ár n-iarrachtaí ar shíochánaíocht, ar chothú na síochána agus ar ár gcuid taithí maidir le próiseas síochána Thuaisceart Éireann a roinnt.
Bíonn cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite ag Éirinn. Tacaímid le réiteach coinbhleachtaí agus le cothú na síochána inár gcuid oibre polaitiúla, forbartha agus daonnúla. Déanaimid an méid sin tríd an gcóras iltaobhach, chomh maith le rannpháirtíocht leanúnach dhéthaobhach leis an tsochaí shibhialta, go háirithe sa Cholóim agus i gCorn na hAfraice.
Maidir leis an gcúnamh a thugaimid do réiteach coinbhleachtaí idirnáisiúnta, baineann Éire leas as:
- Traidisiún na hÉireann maidir le síochánaíocht NA
- Ár ngealltanas maidir le cúnamh forbartha thar lear
- Ár gcuid taithí maidir leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann
- Ár ngealltanas maidir le cearta daonna agus an smacht reachta idirnáisiúnta
Clár Oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála
Bunaítear clár oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála (WPS) ar Rún NA 1325, agus ar naoi rún ghaolmhara eile, ina n-aithnítear an tionchar difreálach a bhíonn ag coinbhleacht ar mhná agus ar chailíní. Bunaíodh an clár oibre sin ar an smaoineamh, mar gheall ar dhinimic chumhachta na hinscne, go mbíonn éifeachtaí difriúla ag coinbhleacht ar mhná, cailíní, buachaillí agus fir.
Tá taithí dhíreach, phearsanta ag Éirinn maidir le tairbhí chlár oibre WPS. Bhí ról ríthábhachtach ag mná maidir le hidirbheartú na síochána i dTuaisceart Éireann agus bíonn ról riachtanach acu fós maidir le síocháin a chothú sa lá atá inniu ann.
Tá cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm WPS ag na ballstáit trí Phleananna Gníomhaíochta Náisiúnta ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de WPS. Tá Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta ag breis agus 100 ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe.
Plean Gníomhaíochta Náisiúnta (NAP) na hÉireann
Seoladh Tríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann (2019-2024) i Meitheamh 2019 faoi stiúir an Tánaiste mar a bhí ag an am chomh maith leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D. Bhí grúpa oibre a cheap an Tánaiste, a bhí a leath díobh sin ag obair don rialtas agus an leath eile mar bhaill na sochaí sibhialta, i gceannas ar fhorbairt an phlean seo.
Dréachtaíodh an plean gníomhaíochta bunaithe ar na torthaí a aimsíodh sa mhéid seo a leanas:
- An tAthbhreithniú Lár Téarma agus an tAthbhreithniú Deiridh ar an Dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta
- Glaodh ar aighneachtaí i scríbhinn i Samhain/Nollaig 2018. Fuarthas 49 aighneacht i scríbhinn
- Dhá cheardlann comhairliúcháin, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath arna bhfreastalaíodh breis agus 100 rannpháirtí ón tsochaí shibhialta, ón saol acadúil agus ón rialtas orthu.
Léigh na haighneachtaí maidir le Tríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann.
Mar chuid dá riachtanais faireacháin agus tuairiscithe, tá tiomantas sa NAP go gcuirfear Tuarascáil Bhliantúil faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint (JCFAD).
Cuireadh an chéad Tuarascáil Bhliantúil faoi bhráid JCFAD an 11 Feabhra 2021. Tá struchtúr na tuarascála i gcomhréir le ceithre phríomhcholún NAP:
- Cosc
- Rannpháirtíocht
- Cosaint
- Cur Chun Cinn
Tugtar breac-chuntas ar na tionscadail agus na cláir a cuireadh chun feidhme sa chéad bhliain de NAP faoi gach príomhcholún.
Leagtar béim sa tuarascáil ar thionchar na géarchéime COVID-19 le linn 2020, agus breathnaítear go mion ar a mhéid a chuir Éire clár oibre WPS chun feidhme, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon. Léirítear i gcreat faireacháin, atá ar fáil in iarscríbhinn na tuarascála, an dul chun cinn atá déanta ar gach ceann de na gníomhartha agus táscairí sa NAP.
Tá ár dTríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil freisin ar fáil as Gaeilge.
Thug Éire tús áite do chur chun cinn an Chláir Oibre WPS i dtéarma 2021-2022 ar Chomhairle Slándála na NA. Dhíríomar ar a chinntiú gur cuireadh na gealltanais a rinneadh i rúin WPS chun feidhme ar an láthair, agus gur díríodh ar inscne a phríomhshruthú trasna oibre de chuid na Comhairle Slándála.