Cé mhéad a chosnaíonn pas?
Cé mhéad a chosnaíonn pas? Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla agus is costéifeachtaí chun iarratas a dhéanamh ar do phas.
Féadfaidh táillí riaracháin breise a bheith i gceist lena n-áirítear poist idirnáisiúnta.
Le haghaidh sonraí táille iomlána do gach cineál iarratais roghnaigh rogha thíos.
Pas ar Líne
Is é Pas ar Líne an bealach is tapúla agus is éifeachtúla ó thaobh costas de chun iarratas a dhéanamh ar do phas.
Cineál iarratais | Táillí |
---|---|
Gnáthphas 10 mbliana do Dhuine Fásta | €75 |
Pas mór, 66-leathanach, 10-mbliana | €105 |
Cárta Pas | €35 |
Gnáthphas móide beart de Chárta Pas | €100 |
Pas mór móide beart de Cárta Pas | €130 |
Cineál iarratais | Táillí |
---|---|
Gnáthphas 5 mbliana, do dhaoine faoi 18 mbliana | €35 |
Pas mór, 66-leathanach, 5 mbliana, do dhaoine faoi 18 mbliana | €50 |
Gnáthphas móide beart de Chárta Pas, do dhaoine faoi 18 mbliana | €45 |
Pas mór móide beart de Cárta Pas, do dhaoine faoi 18 mbliana | €75 |
Tá táille phoist bhreise €5 ar gach iarratas linbh chun an costas a bhaineann le doiciméid a chur ar ais chuig an iarratasóir a chlúdach.
Tá táille poist breise €15 má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go mbaineann íocaíocht shingil de €15 le hiarratais do leanaí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn.
Seirbhís na bPasanna Phoist: iarratas a dhéanamh tríd An Post
Duine Fásta | Táillí |
---|---|
Pas caighdeánach 10 mbliana | €80 |
Pas mór 66 leathanach, 10 mbliana | €110 |
Leanbh | |
Pas caighdeánach 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | €30 |
Pas mór 66 leathanach, 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | €55 |
Íoctar táille riaracháin bhreise díreach le An Post as láimhseáil agus seachadadh Poist Luais.
€9.50 an táille ar iarratas aonair agus €16 an táille ar suas le ceithre iarratas a dhéantar ag an am céanna.
Seirbhís na bPasanna Luais:an tseirbhís phoist i dTuaisceart Éireann
Duine Fásta | Táillí |
---|---|
Pas caighdeánach 10 mbliana | £70 |
Pas mór 66 leathanach, 10 mbliana | £96 |
Leanbh | |
Pas caighdeánach 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | £26 |
Pas mór 66 leathanach, 5 bliana do dhaoine faoi 18 mbliana | £48 |
Iarratais thar an gcuntar poiblí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh
I dteannta na táille don phas, beidh táille ar choinne sa bhreis mar seo a leanas:
Cineál Seirbhíse | Táille Phas | Comhlánú aonlaeTáille Choinne | Comhlánú Ceithre Lá Táille Choinne |
---|---|---|---|
Athnuachan do dhuine fásta | €95 | €150 | €75 |
Athnuachan do leanbh | €45 | €150 | €75 |
Ní ghlactar le seiceanna.
Glactar leis na cineálacha íocaíochta seo a leanas:
- Cárta creidmheasa/dochair
- dréacht bainc
- ordú poist
Iarratas a dhéanamh ag Ambasáid nó Consalacht na hÉireann
Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar do phas nó ar chárta pas do linbh, ó áit ar bith ar domhan