An chéad phas a fháil do leanbh
Forléargas
Caithfidh a bpas féin a bheith ag leanbh faoi bhun 18 mbliana d'aois chun taisteal.
Mura raibh pas ag do leanbh riamh roimhe seo, nó má eisíodh a phas deireanach níos mó ná 15 bliana ó shin, ní mór duit iarratas a dhéanamh thar a cheann mar iarratasóir céaduaire.
D'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar chéad phas do linbh ar líne.
Tá pasanna do leanaí bailí ar feadh cúig bliana.
Tá treoir ar leith ann má tá pas linbh á athnuachan agat.
Conas iarratas a dhéanamh ar líne
Chun iarratas a dhéanamh ar chéad phas do linbh ag baint úsáide as Pas Ar Líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- grianghraf digiteach atá ag teacht le treoirlínte na ngrianghraf
- cárta creidmheasa nó dochair
- seoladh ríomhphoist
- rochtain ar phrintéir
- doiciméid tacaíochta bhreise
Conas treoirlínte grianghraf a chomhlíonadh
Doiciméid a theastaíonn uait
Inseoidh an t-iarratas ar líne duit na doiciméid is gá duit a chur isteach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
Is féidir leat ár dtreoir a léamh freisin maidir leis na doiciméid is gá duit a chur isteach más rud é go bhfuil an leanbh ina:
Guardianship and consent
Mar chuid den iarratas ar líne, iarrfar ort foirm Aitheantais agus Thoilithe a phriontáil.
Ní mór toiliú gach caomhnóir an linbh a dhearbhú ar an bhfoirm seo agus ní mór féiniúlacht an linbh a fhíorú .
Finnéithe
Ní mór do gach caomhnóir an chuid toilithe den fhoirm a shíniú i bhfianaise finné iomchuí. Inseoidh an fhoirm duit cén finné atá ag teastáil.
Caithfidh duine amháin ar a laghad de na caomhnóirí a bheith in éineacht leis an leanbh le finné iomchuí chun an chuid Aitheantais den fhoirm a chomhlánú.
Féach ár dtreoir maidir le caomhnóireacht agus toiliú agus ár dtreoir maidir le d'iarratas a fhianú le haghaidh tuilleadh eolais.
Fís-treoir maidir le caomhnóireacht agus toiliú
Iarratasóirí céaduaire a rugadh thar lear
Má rugadh do leanbh thar lear, léigh ár dtreoir maidir leis na doiciméid a theastaíonn uait agus iarratas ar chéad phas á dhéanamh.
An costas atá air
Braitheann costas do phas ar an mbealach a ndéanann tú iarratas air agus ar an gcineál a roghnaíonn tú, mar shampla caighdeánach nó ceann mór.
Nuair a dhéanann tú iarratas ag baint leas as Pas Ar Líne:
- pas caighdeánach 5 bliana do leanbh: €20
- pas mór 66 leathanach 5 bliana do leanbh: €50
Tá táille phoist bhreise €5 i gceist le gach iarratas do leanbh chun an costas a bhaineann le cáipéisí a sheoladh ar ais chuig an iarratasóir a chlúdach. Is é €15 an táille phoist má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn.
An méid ama a thógann sé
Na hamanna eisiúna
Seiceáil na hamanna eisiúna reatha chun an fhaisnéis is déanaí a fháil.
An tseirbhís rianaigh do Phas
Is féidir leat stádas d'iarratais ar líne a sheiceáil leis an an tseirbhís rianaigh do phas.
Déan iarratas ar líne anois
Téigh i dteagmháil linn
Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís na bPasanna nó féach tuilleadh treoracha maidir le hiarratas a dhéanamh ar ár mol eolais.