Athnuachan nó athsholáthar a dhéanamh ar phas do dhuine fásta
Forléargas
Is féidir athnuachan a dhéanamh ar phasanna Éireannacha ó áit ar bith ar domhan le Pas Ar Líne. Tá pasanna Éireannacha do dhaoine fásta agus do shaoránaigh 18 mbliana d’aois nó os a chionn bailí ar feadh 10 mbliana.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phas nua do do leanbh má théann a bpas in éag sa chéad 12 mhí eile .
Mura raibh pas agat riamh roimhe seo, nó má eisíodh do phas deireanach níos mó ná 15 bliana ó shin, ní mór duit iarratas céaduaire a dhéanamh ar phas do dhuine fásta.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chárta pas chomh maith le do leabhar pas nuair a dhéanann tú iarratas ar líne.
Conas iarratas a dhéanamh ar líne
Chun iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as Pas Ar Líne, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- grianghraf digiteach atá ag teacht le treoirlínte na ngrianghraf
- cárta creidmheasa nó dochair
- seoladh ríomhphoist
- do phas reatha (féach thíos má cailleadh é nó má goideadh é)
Má tá dáta éaga do phas níos mó ná 12 mhí amach anseo, ní mór duit do phas reatha a chur chuig Seirbhís na bPasanna, ach amháin má cailleadh é nó má goideadh é.
Níl gá le doiciméid tacaíochta bhreise de ghnáth chun athnuachan do dhuine fásta a dhéanamh.
Conas treoirlínte grianghraf a chomhlíonadh
An méid ama a thógann sé
Na hamanna eisiúna
Seiceáil na hamanna eisiúna reatha chun an t-eolas is déanaí a fháil.
An tseirbhís rianaigh do Phas
Is féidir leat stádas d'iarratais ar líne a sheiceáil leis an tseirbhís rianaigh do phas.
Athnuachaintí práinneacha
Má theastaíonn uait go ndéanfar athnuachan ar do phas go práinneach, tá seirbhís i láthair go pearsanta do Choinne Pas Phráinneach chun pas a athnuachan. Tá sé seo ar fáil ag ár n-oifig ar Shráid an Mhóta i mBaile Átha Cliath, ár n-oifig i gCorcaigh agus ár n-oifig i Londain.
Léigh tuilleadh faoin gCoinne Pas Phráinneach chun pas a athnuachan.
An costas atá air
Braitheann costas do phas ar an mbealach a ndéanann tú iarratas air agus ar an gcineál pas a roghnaíonn tú, mar shampla caighdeánach nó ceann mór.
Nuair a dhéanann tú iarratas ag baint leas as Pas Ar Líne:
- pas caighdeánach 10 mbliana: €75
- pas mór (66 leathanach) 10 mbliana: €105
- beart de phas caighdeánach móide Cárta Pas €100
Tá táille bhreise €15 ar phost ann má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn.
Pasanna a cailleadh, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
If your passport is lost or stolen, make an application for a new passport immediately using Passport Online. This is the fastest way to report your passport as lost or stolen and ensures that no one else can use it for travel.
You will need:
- a digital photograph that meets the photo guidelines
- credit or debit card
- an email address
- access to a printer
The online application will tell you of any other documents you may need to submit.
If your passport is lost, stolen or damaged while you are on holidays, you may need an emergency travel document to return home. You should contact your nearest Irish Embassy or Consulate for further details.
Damaged passport
If your passport has been damaged, you will need to return it when you are making an application for a replacement. If your passport is damaged, do not travel on it.
Read more on lost and damaged passport books and card.
Má chailltear nó má ghoidtear do phas, déan iarratas ar cheann nua láithreach ag baint leas as Pas ar Líne. Seo é an bealach is tapúla chun do phas a thuairisciú gur goideadh nó cailleadh é agus áiríonn sé nach féidir le haon duine leas a bhaint as le dul ag taisteal.
Teastóidh na rudaí seo a leanas uait:
- grianghraf digiteach atá ag teacht le treoirlínte na ngrianghraf
- cárta creidmheasa nó dochair
- seoladh ríomhphoist
- rochtain ar phrintéir
Inseoidh an t-iarratas ar líne faoi aon doiciméad eile a bhféadfadh gá a bheith leo chun iad a chur isteach.
Má chailltear do phas, má ghoidtear é, nó má dhéantar damáiste dó nuair atá tú thar lear, tá seans ann go mbeidh doiciméad taistil éigeandála de dhíth ort filleadh abhaile. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit chun tuilleadh sonraí a fháil.
An pas a ndearnadh damáiste dó
Más rud é go ndearnadh damáiste do do phas, beidh ort an pas a ndearnadh damáiste dó a sheoladh ar ais nuair a dhéanann tú iarratas ar cheann nua. Ná taistil le pas a ndearnadh damáiste dó.
Léigh tuilleadh faoi leabhair agus cártaí pas a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.
Bealaí eile le hiarratas a dhéanamh
Is é Pas Ar Líne an bealach is tapúla chun do phas a athnuachan. Má tá tú i do chónaí in Éirinn, i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus mura mian leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir leat iarratas a dhéanamh ach foirm phas ar pháipéar a úsáid. In Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór, cuirtear iarratais ar pháipéar isteach leis an tseirbhís ar a dtugtar Seirbhís na bPasanna Poist.
Déan iarratas ar líne anois
Téigh i dteagmháil linn
Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís na bPasanna nó féach tuilleadh treoracha maidir le hiarratas a dhéanamh ar ár mol eolais.