Conas is féidir finné a fháil don iarratas pas
Ní mór iarratais ar phas céaduaire a bheith fianaithe sular féidir iad a phróiseáil.
Faigh faisnéis thíos maidir le conas d’iarratas ar phas a fhianú agus cé atá in ann é a fhianú.
Finné d’iarratas ar líne
Aitheantas
Teastaíonn Foirm Fhíoraithe Aitheantais, agus í sínithe ag finné, d’iarratais chéaduaire ó dhaoine fásta a dhéantar tríd an tseirbhís Pas Ar Líne. Is féidir an Fhoirm Fhíoraithe Aitheantais a phriontáil ag deireadh an phróisis ar líne.
Iiarratasóirí fásta céaduaire a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, ní mór dóibh a bhfoirm deimhnithe aitheantais a fháil sínithe ag ball den Gharda Síochána. Maidir le hiarratasóirí fásta céaduaire atá ina gcónaí in áit eile i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór, san AE/LEE nó san Eilvéis féach an chéad chuid eile le haghaidh liosta finnéithe oiriúnacha chun aitheantas a fhíorú.
Toiliú caomhnóirí
Ní mór go mbeadh toiliú caomhnóirí ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois (ach amháin má tá an leanbh pósta).
Ní mór go síneodh na caomhnóirí uile an chuid iomchuí den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh i bhfianaise finné iomchuí. Is féidir an fhoirm seo a phriontáil ag deireadh an phróisis ar líne. Cad is ceart a dhéanamh mura bhfuil caomhnóir amháin nó níos mó in ann toiliú a thabhairt.
Tá freagracht ar an gcaomhnóir/ar na caomhnóirí dul chuig finné cuí in éineacht leis an leanbh chun síniú a fháil. Ní mór don duine a bheith mar fhinné ar shíniú an chaomhnóra lena dtugtar toiliú. Cinntigh go léann tú gach cuid den fhoirm go cúramach.
Is féidir le daoine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha sa liosta thíos a bheith mar fhinné d’ Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a fhad agus go bhfuil aithne phearsanta agat orthu. Níor mhór go mbeadh an finné sásta i dtaobh do chuid aitheantais agus aitheantas an linbh agus gur íomhá fíor den leanbh an grianghraf.
Cinntigh gur féidir dul i dteagmháil leis an bhfinné ag an uimhir ar an bhfoirm. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé moill ar an iarratas mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfinné ag an uimhir a chuirtear ar fáil.
Ní mór do chaomhnóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- an chuid iomchuí den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a shíniú i láthair finné iomchuí (féach an liosta thíos)
Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- na codanna iomchuí den Fhoirm Aitheantais agus Toilithe do Phas Linbh a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil (mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné – cuir cárta gnó an fhinné leis an iarratas ar phas)
- go ndéanfadh an finné gach cuid a shíniú aisti féin má tá sé ina fhinné ar an síniú a dhéanann an bheirt tuismitheoirí/caomhnóirí
- go gcuirfeadh sé uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre ar fáil - ní ghlactar le huimhir fhón póca
Is féidir leis na daoine ar an liosta seo a leanas a bheith ina bhfinnéithe:
- Ball den Gharda Síochána
- Príomhoide/leasphríomhoide/múinteoir scoile / rúnaí scoile / bainisteoir réamhscoile, múinteoir Montessori
- Ball den Chléir
- Dochtúir leighis
- Dlíodóir
- Bainisteoir bainc / bainisteoir cúnta bainc nó bainisteoir / bainisteoir cúnta comhair creidmheasa
- Ionadaí pobail tofa
- Nótaire poiblí /coimisinéir mionnaí
- Feidhmeannach síochána
- Cuntasóir
- Fiaclóir
- Tréidlia
- Altra
- Fisiteiripeoir
- Teiripeoir urlabhra
- Léachtóir
- Poitigéir
- Innealtóir Cairte
Chun tuilleadh eolais a fháil ar chaomhnóireacht nó ar thoiliú, féach anseo.
Pasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
Ní mór duit é a chur in iúl do Stáisiún áitiúil na nGardaí /stáisiún póilíneachta má chailltear nó má ghoidtear do phas. Chun pas nua a fháil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh.
Nuair a dhéantar iarratas ar líne tríd an tseirbhís um athnuachan pas ar líne, cuir in iúl gur cailleadh, gur goideadh nó go ndearnadh damáiste don phas ar an gcuid iomchuí den iarratas ar líne. Ní gá finné a fháil d’iarratais ar líne.
Má théann do phas amú nó má ghoidtear é, ba cheart sin a chur in iúl do Sheirbhís na bPasanna, fiú mura bhfuil ceann eile uait. Má chailleann tú dhá phas nó níos mó ná sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí srian ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile agus nach mbeifeá in ann an pas a fháil taobh istigh de 10 lá oibre.
Cuimhnigh...
Ná déan iarracht dul ag taisteal riamh le pas nuair a cuireadh in iúl gur cailleadh nó gur goideadh é.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar phasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, féach anseo.
A bheith mar fhinné ar iarratas páipéir in Éirinn
Aitheantas
Beidh Garda ag Stáisiún áitiúil na nGardaí mar fhinné ar an bhfoirm iarratais ar phas; a fhad agus atá siad sásta le d’aitheantas agus gur íomhá fíor díot na ceithre ghrianghraf.
Cinntigh go dtugann tú leat cáipéis aitheantais ar a bhfuil grianghraf agus d’fhéadfadh sé freisin go n-iarrfadh an Garda ort níos mó cruthúnais aitheantais a sholáthar.
Ní mór:
- Cuid 8 den fhoirm a shíniú i láthair Garda. Go síneodh iarratasóirí atá seacht mbliana d’aois nó níos sine an chuid seo iad féin
Ní mór don Gharda:
- Cuid 9 den fhoirm a chomhlánú
- Uimhir na foirme a scríobh (atá ar fáil i gCuid 9 den fhoirm) ar chúl dhá cheann de na ceithre ghrianghraf
- Cúl na ngrianghraf sin a shíniú agus a stampáil
Nach bhfuil an fhoirm iarratais bailí ach ar feadh sé mhí tar éis don fhinné í a shíniú.
Toiliú caomhnóirí
Ní mór go mbeadh toiliú caomhnóirí ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois (ach amháin má tá an leanbh pósta).
Ní mór do chaomhnóirí an chuid iomchuí de chuid 7 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.
Tá freagracht ar an gcaomhnóir/ar na caomhnóirí dul chuig finné cuí in éineacht leis an leanbh chun síniú a fháil. Ní mór don duine a bheith mar fhinné ar shíniú an chaomhnóra lena dtugtar toiliú. Cinntigh go léann tú gach cuid den fhoirm iarratais go cúramach.
Is féidir le daoine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha sa liosta thíos a bheith mar fhinné ar chuid 7 den fhoirm iarratais a fhad agus go bhfuil aithne phearsanta agat orthu. Níor mhór go mbeadh an finné sásta i dtaobh do chuid aitheantais agus aitheantas an linbh agus gur íomhá fíor den leanbh an grianghraf.
Cinntigh gur féidir dul i dteagmháil leis an bhfinné ag an uimhir ar an bhfoirm. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé moill ar an iarratas mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfinné ag an uimhir a chuirtear ar fáil.
Ní mór do chaomhnóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- an chuid iomchuí de chuid 7 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach (féach an liosta thíos). Cad is ceart a dhéanamh mura bhfuil aon duine den bheirt chaomhnóirí/tuismitheoirí in ann Cuid 7 a shíniú.
Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Cuid 7 den iarratas a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil (mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné – cuir cárta gnó an fhinné leis an iarratas ar phas)
- gach colún a shíniú as féin má tá sé ina fhinné ar an síniú a dhéanann an bheirt tuismitheoirí/chaomhnóirí
- go gcuirfeadh sé uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre ar fáil - ní ghlactar le huimhir fhón póca
Is féidir leis na daoine ar an liosta seo a leanas a bheith ina bhfinnéithe:
- Ball den Gharda Síochána
- Príomhoide/leasphríomhoide/múinteoir scoile / rúnaí scoile / bainisteoir réamhscoile, múinteoir Montessori
- Ball den Chléir
- Dochtúir leighis
- Dlíodóir
- Bainisteoir bainc / bainisteoir cúnta bainc nó bainisteoir / bainisteoir cúnta comhair creidmheasa
- Ionadaí pobail tofa
- Nótaire poiblí /coimisinéir mionnaí
- Feidhmeannach síochána
- Cuntasóir
- Fiaclóir
- Tréidlia
- Altra
- Fisiteiripeoir
- Teiripeoir urlabhra
- Léachtóir
- Poitigéir
- Innealtóir Cairte
Níor mhór go mbeadh Garda mar fhinné ar Chuid 9 den iarratas agus go mbeadh sé sásta i dtaobh aitheantas an linbh. Is riachtanas breise é an toiliú caomhnóra i gCuid 7 i gcás iarratais ar phas do leanaí. Baineann an liosta finnéithe thuas leis an gcuid seo den iarratas amháin.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar chaomhnóireacht nó ar thoiliú, féach anseo.
Pasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
Sa chéad áit, ní mór duit é a chur in iúl do Stáisiún áitiúil na nGardaí/stáisiún póilíneachta má chailltear nó má ghoidtear do phas. Chun pas nua a fháil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh.
Ar an bhfoirm iarratais:
- Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais agus mínigh gur cailleadh, gur goideadh nó go ndearnadh damáiste don phas.
- Iarr ar Gharda a bheith ina fhinné agus an fhoirm a stampáil
Fiú mura bhfuil ceann eile uait, ba cheart é a chur in iúl do Sheirbhís na bPasanna má théann do phas amú nó má ghoidtear é. Má chailleann tú dhá phas nó níos mó ná sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí srian ar thréimhse bailíochta do chéad phas eile agus nach mbeifeá in ann an pas a fháil taobh istigh de 10 lá oibre.
Ná déan iarracht dul ag taisteal riamh le pas nuair a cuireadh in iúl gur cailleadh nó gur goideadh é.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar phasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh, féach anseo.
A bheith mar fhinné ar iarratas páipéir lasmuigh d’Éirinn
Aitheantas
Is féidir le duine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha thíos a bheith ina fhinné ar an bhfoirm iarratais ar phas; a fhad agus atá siad sásta le d’aitheantas agus gur íomhá fíor díot na ceithre ghrianghraf.
Cinntigh go dtugann tú leat cáipéis aitheantais ar a bhfuil grianghraf agus d’fhéadfadh sé freisin go n-iarrfadh an finné ort níos mó cruthúnais aitheantais a sholáthar.
- Oifigeach póilíneachta
- Príomhoide/leasphríomhoide/múinteoir scoile / rúnaí scoile / bainisteoir réamhscoile, múinteoir Montessori
- Ball den Chléir
- Dochtúir leighis
- Dlíodóir
- Bainisteoir bainc / bainisteoir cúnta bainc nó bainisteoir / bainisteoir cúnta comhair creidmheasa
- Ionadaí pobail tofa
- Nótaire poiblí /coimisinéir mionnaí
- Feidhmeannach síochána
- Cuntasóir
- Fiaclóir
- Tréidlia
- Altra
- Fisiteiripeoir
- Teiripeoir urlabhra
- Léachtóir
- Poitigéir
- Innealtóir Cairte
Ní mór:
- Cuid 8 den fhoirm a shíniú i láthair finné. Go síneodh iarratasóirí atá seacht mbliana d’aois nó níos sine an chuid seo iad féin
Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Cuid 9 den fhoirm a chomhlánú, lena n-áirítear uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre - ní ghlactar le huimhir fhón póca.
- Uimhir na foirme ó Chuid 9 a chur ar chúl dhá cheann de na ceithre ghrianghraf
- Cúl na ngrianghraf sin a shíniú agus a stampáil
Nach bhfuil an fhoirm iarratais bailí ach ar feadh sé mhí tar éis don fhinné Cuid 9 a shíniú.
Toiliú tuismitheoirí nó caomhnóirí
Ní mór go mbeadh toiliú caomhnóirí ag gabháil le hiarratais ar phas i gcás leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois (ach amháin má tá an leanbh pósta).
Ní mór do chaomhnóirí an chuid iomchuí de chuid 7 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.
Tá freagracht ar an gcaomhnóir/ar na caomhnóirí dul chuig finné cuí in éineacht leis an leanbh chun síniú a fháil. Ní mór don duine a bheith mar fhinné ar shíniú an chaomhnóra lena dtugtar toiliú. Cinntigh go léann tú gach cuid den fhoirm iarratais go cúramach.
Is féidir le daoine a bhíonn ag plé leis na gairmeacha sa liosta thíos a bheith mar fhinné ar chuid 7 den fhoirm iarratais a fhad agus go bhfuil aithne phearsanta agat orthu. Níor mhór go mbeadh an finné sásta i dtaobh do chuid aitheantais agus aitheantas an linbh agus gur íomhá fíor den leanbh an grianghraf.
Cinntigh gur féidir dul i dteagmháil leis an bhfinné ag an uimhir ar an bhfoirm. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé moill ar an iarratas mura féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfinné ag an uimhir a chuirtear ar fáil.
Ní mór do chaomhnóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An chuid iomchuí de chuid 7 den fhoirm iarratais ar phas a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné atá ar an liosta. Cad is ceart a dhéanamh mura bhfuil aon duine den bheirt chaomhnóirí/tuismitheoirí in ann Cuid 7 a shíniú.
Ní mór don fhinné na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Cuid 7 den iarratas a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil agus uimhir ghutháin líne thalún ag an láthair oibre a chur ar fáil - ní ghlactar le huimhir fhón póca (mura bhfuil stampa oifigiúil ag an bhfinné – cuir cárta gnó an fhinné leis an iarratas ar phas)
- Gach colún a shíniú as féin má tá sé ina fhinné ar an síniú a dhéanann an bheirt tuismitheoirí/chaomhnóirí
Pasanna a cuireadh amú, a goideadh nó a ndearnadh damáiste dóibh
Sa chéad áit, cuir in iúl do Stáisiún áitiúil an Gharda Síochána/stáisiún póilíneachta gur cuireadh amú nó gur goideadh do phas, más féidir. (Nóta: Ní chuirfidh póilíní i ndlínsí áirithe tuairiscí póilíní ar fáil – beidh Ambasáid/Consalacht na hÉireann in ann comhairle a chur ort).
Chun pas nua a fháil, beidh ort iarratas nua a dhéanamh. Ní mór tuairisc ó na póilíní a chur isteach leis an iarratas ar phas.
Ar an bhfoirm iarratais:
- Comhlánaigh Cuid 6 den fhoirm iarratais agus mínigh gur cailleadh, gur goideadh nó go ndearnadh damáiste don phas.
- Iarr ar phóilín áitiúil nó ar dhuine ar an liosta d’fhinnéithe oiriúnacha thuas, a bheith ina fhinné ar an bhfoirm agus í a stampáil (ba cheart go síneodh an finné céanna cuid 6 agus cuid 8)