Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Sceimhlitheoireacht
Cé nach bhfuil baol ard ó sceimhlitheoireacht san Astráil, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn turasóirí agus easaoránaigh.
Coiriúlacht
Tá ráta coiriúlachta sách íseal san Astráil ach ba chóir duit réamhchúram ciallmhar a dhéanamh mar sin féin:
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
- Ní gá duit do phas a bheith ar iompar agat an t-am ar fad faoi dhlí na hAstráile, mar sin fág in áit shábháilte é mura mbeidh géarghá leis, d’fhonn caillteanas, goid nó damáiste a sheachaint. Fág cóip den leathanach beathaisnéise (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
Sábháilteacht phearsanta
Mar is amhlaidh le gach tír, tá áiteanna san Astráil, sna cathracha móra go minic, ar chóir duit a bheith thar a bheith cúramach iontu, nó iad a sheachaint amach is amach. Faigh eolas áitiúil i gcónaí faoi áiteanna sábháilte le caidreamh sóisialta a dhéanamh. Má tá tú ag fanacht i gcóiríocht ar phraghas íseal, smaoinigh go mb’fhéidir go bhfuil an chóiríocht chomh saor sin mar go bhfuil sí lonnaithe in ndroch-áit. Bí cúramach i roinnt de na ‘ceantair cóisire’ i Sydney, Melbourne agus Perth agus déan réamhchúram ciallmhar.
Pas caillte nó goidte
Má chailltear nó má ghoidtear do phas agus tú san Astráil, féadfaidh an Ambasáid i gCanberra nó an Chonsalacht i Sydney doiciméad taistil éigeandála nó pas sealadach a eisiúint, i gcás éigeandála. Beidh ort iarratas comhlánaithe, fianaithe a chur ar aghaidh, chomh maith le gach doiciméad tacaíochta agus an táille chuí. Beidh cruthúnas ar chéannacht agus ar shaoránacht de dhíth, lena n-áirítear an leagan bunaidh nó deimhnithe den fhoirm fhada den teastas breithe, i ngach cás.
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú san Astráil, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. Má theastaíonn cúnamh consalachta uait, déan teagmháil linn ag an gConsalacht nó ag an Ambasáid. Tá roinnt línte cabhracha áitiúla atá liostaithe de réir stáit ag Victim Support Australia.
Ionsaí gnéasach a chur in iúl
Tá sainfhoirne ag Póilíní na hAstráile chun déileáil le hionsaithe gnéasacha agus tá sain-aonaid um ionsaí gnéasach ag go leor ospidéal. Tá seirbhís comhairleoireachta teileafóin 24 uair an chloig ann freisin do chásanna maidir le hionsaí gnéasach nó foréigean baile chomh maith – 1800 RESPECT (1800 737 732).
Freagracht phearsanta
Chomh maith le tú féin a chosaint ó choiriúlacht agus tú san Astráil, tá freagracht ort a chinntiú go n-iompróidh tú tú féin le hord agus ómós agus nach dtarraingeoidh tú aird na bpóilíní ort féin.
Bíonn cur chuige thar a bheith dian ar dhlí agus ord ag na póilíní agus ag na cúirteanna san Astráil, d’ainneoin an cháil atá uirthi mar thír gan strus. Déantar na dlíthe ar ‘chionta sráide’ mar núis phoiblí, iompar meisciúil agus mí-oird agus mionionsaí, a fhorfheidhmiú go dian. Ba chóir duit treoracha phóilíní na hAstráile a leanúint ar an bpointe, gan argóint.
Tagann líon suntasach Éireannach (go háirithe daoine idir 20 agus 30 bliain d’aois) os comhair chúirteanna na hAstráile gach bliain. Níor chóir dóibh a bheith ag súil go léireofar solúbthacht ná trócaire ar bith d’eachtrannaigh nach bhfuil dlí na hAstráile ar eolas acu.
Tiomáint
Timpistí bóthair an cúis báis nó díobhála tromchúisí is coitianta do chuairteoirí Éireannacha san Astráil, mar sin, má tá sé ar intinn agat a bheith ag tiomáint, cuimhnigh:
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus bíodh sé ar iompar agat - tá sin éigeantach do gach tiománaí san Astráil.
- Bí cinnte go bhfuil árachas dóthanach agus iomchuí ar d’fheithicil, go háirithe más feithicil ar iasacht í. Bíonn aois-teorainneacha ag roinnt polasaithe árachais ‘oscailte’ san Astráil agus seans nach mbeidh ach tiománaithe áirithe clúdaithe.
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort. Ná cuir tú féin i mbaol, mar shampla taisteal mar phaisinéir le tiománaí atá faoi thionchar an óil nó drugaí
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta na hAstráile, mar shampla luasteorainneacha, atá níos ísle ná na cinn in Éirinn, de ghnáth. Déantar na dlíthe sin a fhorfheidhmiú go dian agus gearrtar fíneálacha ar an láthair maidir leo.
- Caith crios sábháilte i gcónaí - tá siad riachtanach faoin dlí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
Tiomáint sábháilte
Tá tuirse tiománaí ina cúis ollmhór báis ar bhóithre na hAstráile. Tabhair uisce leat i gcónaí agus glac sos ón tiomáint gach dhá uair an chloig ar aistir fhada.
Tá sé tábhachtach freisin ródacmhainneacht d’fheithicle a sheiceáil sula dtosaíonn tú amach ar aistir fhada in áiteanna iargúlta. Seans nach mbeidh mórán stáisiún peitril ar fáil agus ba chóir duit stór breise peitril a thabhairt leat.
Bí ag faire amach do chomharthaí a thugann rabhadh faoi fhiadhúlra áitiúil, a d’fhéadfadh a bheith ar an mbóthar agus a d’fhéadfadh díobháil mhór a dhéanamh i gcás timpiste. Bí thar a bheith cúramach ag breacadh an lae agus ag luí na gréine, nuair a bhíonn ainmhithe mar changarúnna amuigh.
D’fhéadfadh bóithre a bheith gan dromchla ceart agus doghabhála i ndiaidh mórbháistí. Ní féidir brath ar GPS amháin le turas a phleanáil.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil). Má tá sé beartaithe agat a bheith ag tiomáint ar bhóithre nach bhfuil séalaithe, beidh sé riachtanach go mbeidh clúdach dóthanach ag polasaí árachais d’fheithicle fruilithe.
Snámh sábháilte
Bíonn farraigí na hAstráile contúirteach uaireanta, le sruthanna cuilitheála láidre a bhíonn deacair do chách snámh iontu, snámhóirí maithe san áireamh. Níor chóir dul ag snámh ach amháin ar thránna a bhfuil garda tarrthála ar patról agus bí i snámh idir na bratacha i gcónaí. Léiríonn suíomh na mbratach an chuid den trá is sábháilte le dul ag snámh. Bogtar iad gach lá ag brath ar shruthanna cuilitheála agus guaiseacha eile.
Is cuma cé chomh tarraingteach a bhíonn trá iargúlta gan mhaoirsiú, is dócha go bhfuil cúis mhaith ann nach bhfuil aon duine ag snámh ann. Chomh maith le sruthanna cuilitheála, bíonn baol ó ghathanna nó greamanna ó speicis mhara áitiúla, siorcanna san áireamh.
Ná téigh ag snámh i ndiaidh alcól a ól nó drugaí a thógáil agus ná téigh ag snámh leat féin.
Sábháilteacht in Iargúil na hAstráile
Is tír ollmhór í an Astráil agus bíonn achair an-fhada idir go leor de na príomhchathracha agus na mórionaid daonra. Mar a thugann an t-ainm le fios, bíonn roinnt de Iargúil thar a bheith iargúlta agus bíonn guaiseacha nach mbeifeá ag súil leo le fáil inti. Má tá sé beartaithe agat taisteal chuig na háiteanna sin, pleanáil do thuras go cúramach agus glac comhairle ó mhuintir na háite.
In áiteanna atá an-iargúlta, ba chóir duit na húdaráis turasóireachta áitiúla nó na póilíní a chur ar an eolas faoi do chuid amanna fágála agus fillte. Tá rabhcháin aimsiúcháin ag go leor páirceanna náisiúnta agus iarrann na húdaráis ar an lucht fánaíochta iad a thabhairt leo ionas gur féidir teacht orthu níos éasca i gcás éigeandála.
Is minic nach mbíonn clúdach fóin phóca ar fáil in áiteanna iargúlta, cé go mbíonn sé go maith i mbailte agus i gcathracha. Ní féidir a bheith ag brath ar fhóin phóca nó ar mhapaí idirlín fíor-ama má tá tú ag taisteal san Iargúil nó i roinnt de na háiteanna tuaithe nach bhfuil mórán daoine ag cónaí iontu.