Stádas Slándála
Bí an-Chúramach
Taisteal chuig an tSín
Tá bac ar náisiúnaigh choigríche teacht isteach chuig Daon-Phoblacht na Síne go fóill. Níl aon dáta deiridh beartaithe don bheart seo go fóill. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil de chumas ag saoránaigh na hÉireannach dul isteach sa tSín ó thíortha eile, seachas i gcásanna sonracha atá aontaithe ag Údaráis Inimirce na Síne.
Is féidir teacht ar an bhfógra ábhartha iomlán ó Rialtas na Síne anseo: https://www.fmprc.gov.cn/mfa_eng/wjbxw/t1761867.shtml
Chun teacht ar a thuilleadh eolais maidir le sonraí an bhirt seo agus ar aon eisceacht fhéideartha i gcás náisiúnach coigríche, déan teagmháil leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is cóngaraí duit.
I gcás aon duine a bhfuil cead acu taisteal chun na Síne, éilíonn Údaráis Inimirce na Síne raon tástálacha lena n-áirítear torthaí ó thástáil COVID-19 a dhéantar achar gairid ama sula dtéann duine ar bord eitilte chun na Síne agus próiseas réamh-cheadaithe ‘Cód Sláinte’. Ba cheart sonraí maidir leis na riachtanais shonracha a iarraidh ón Ambasáid nó Consalacht Síneach is cóngaraí duit.
Féach tuilleadh eolais ó Ambasáid na Síne i mBaile Átha Cliath anseo le do thoil: http://ie.china-embassy.org/eng/tz/t1827647.htm.
Ba cheart d’aon saoránach de chuid na hÉireann a bhfuil sé de phlean acu teacht chun na Síne na fógraí ábhartha uile ar shuíomh idirlín a nAmbasáid nó Consalacht Síneach áitiúil a léamh go cúramach.
Tá coraintín óstáin lárnach éigeantach i bhfeidhm le haghaidh aon duine a bhíonn ag teacht isteach sa tSín, agus bíonn difríocht idir an tréimhse a bhíonn i gceist in áiteanna éagsúla. Ba cheart go mbeadh daoine a bhíonn ag taisteal i ngrúpa a bheith ar an eolas go scartar daoine fásta a bhíonn ag teacht isteach sa tSín le haghaidh coraintín lárnach aonair. Ba cheart go mbeadh teaghlaigh ar an eolas go gcaitear le páistí os cionn 14 bliana d’aois mar dhaoine fásta ó thaobh an leighis de agus go scartar iad siúd chomh maith le haghaidh coraintín lárnach.
Cuirtear aon duine a mbíonn tástáil dheimhneach COVID-19 acu le linn coraintín faoi bhreathnóireacht leighis in ionad speisialaithe. Táimid ar an eolas faoi chásanna inar cuireadh leanaí óga faoi chúram dochtúra leo féin tar éis toradh deimhneach ar COVID-19 a fháil ar theacht isteach chun na Síne dóibh.
Cuireann na húdaráis rialacha speisialta i bhfeidhm le haghaidh aon duine a bhíonn ag teacht isteach chun na Síne a raibh COVID-19 orthu cheana, fiú má tá biseach tagtha orthu ón ionfhabhtú sin. Ba cheart d’aon duine a raibh COVID-19 orthu cheana agus atá ag smaoineamh ar thaisteal chun na Síne gach fógra ábhartha ar shuíomh idirlín na hAmbasáide nó Consalacht Síneach is cóngaraí dóibh a léamh.
Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh aon saoránach de chuid na hÉireann a bheith ar an eolas nach srianta iontrála amháin atá i gceist. Leanann an tSín orthu ag cur polasaí i bhfeidhm gan aon Covid a bheith sa tír agus ag troid in aghaidh ráigeanna COVID-19 eadrannacha ar fud na tíre. Mar thoradh air seo d’fhéadfaí diansrianta maidir le gluaiseacht, tástáil éigeantach, tástáil fhorleathan agus tréimhsí coraintín eile, lena n-áirítear coraintín lárnach, a chur i bhfeidhm go tobann. Bíonn na bearta ar leith faoi réir athruithe ar bhonn leanúnach, agus ní i gcónaí a bhíonn réamhfhógra maidir le bearta nua. Molaimid do shaoránaigh de chuid na hÉireann treoir na n-údarás áitiúil sa tSín a leanúint maidir leis na cúrsaí seo.
Sa chás seo, is é comhairle na Roinne ná taisteal chuig nó laistigh den tSín a sheachaint mura bhfuil sé riachtanach, fad is a leanann na bearta seo agus fad is a bhíonn athrú ag teacht ar an gcás. Leanfaimid ag coimeád súil ar an gcás agus ag nuashonrú comhairle taistil a bhaineann le ráigeanna COVID-19.
Ba cheart d’áititheoirí agus dóibh siúd atá ag taisteal aire ar leith a thabhairt maidir le sábháilteacht bia agus réamhchúraimí taistil agus molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go láidir go gcaithfí maisc aonúsáide agus go nífí lámha le gallúnach alcól-bhunaithe go rialta.
Tá eolas maidir le COVID-19, lena n-áirítear comhairle don phobal maidir le bearta cosanta, ar fáil ar shuíomh idirlín na hEagraíochta Domhanda Sláinte ag an nasc seo a leanas anseo nó ar shuíomh idirlín FSS: https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/
Comhairle Ghinearálta maidir le Taisteal
Is minic a bhíonn an chabhair is fearr in aice láimhe, mar sin má bhíonn fadhbanna agat, bain triail as labhairt leis na teagmhálacha áitiúla, le tionscnóir do thurais nó le bainistíocht an óstáin ina bhfuil tú ag fanacht.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála na Síne ach glaoch ar na huimhreacha seo a leanas:
Na Póilíní 110
An tSeirbhís Dóiteáin 119
An tSeirbhís Otharcharr 120
Más gá duit teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid na hÉireann i mBéising, is féidir amhlaidh a dhéanamh ag +86 10 85316200.
Ba cheart do shaoránaigh de chuid na hÉireann in Shanghai, Zhejiang, Jiangsu, Jiangxi agus Anhui teagmháil a dhéanamh leis an gConsalacht Ghinearálta in Shanghai ag +86 21 60101360.
Féadfaidh saoránaigh de chuid na hÉireann i Hong Cong agus Macau teagmháil a dhéanamh lenár gConsalacht Ghinearálta i Hong Cong ag +852 2535 0700.
Seans gur mhaith leat Ambasáid na hÉireann sa tSín a leanúint ar Twitter nó ar a cainéil meán sóisialta Síneacha ar Weibo agus WeChat. I gcás géarchéime, cuirfimid comhairle ar fáil maidir le taisteal ó @IrlEmbChina, bunaithe ar nuashonraithe a eisíonn na húdaráis in Éirinn agus sa tSín.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leat oibriú sa tSín mura bhfuil Z-víosa agus ceadúnas oibre bailí agat. Ní féidir leat oibriú le víosa gnó, turasóireachta nó gearrchuairte. Ná fan i ndiaidh tréimhse do víosa nó ná oibrigh go mídhleathach riamh. Déantar póilíniú dian ar dhlíthe inimirce sa tSín agus cuirtear i bhfeidhm go dian iad. D’fhéadfadh pionóis dhiana, lena n-airítear gabháil, coimeád, fíneáil shuntasach, díbirt agus bac ar theacht isteach chun na Síne arís a bheith mar thoradh ar shárú na ndlíthe sin.
Pasanna Caillte agus Fanacht i ndiaidh Tréimhse Víosa
Caithfidh aon saoránach eachtrach a chaill pas tuairisc póilíní, pas sealadach ón Ambasáid ábhartha agus víosa fágála a fháil ionas gur féidir leo an tSín a fhágáil. Roimh an bpaindéim, d’fhéadfadh suas le coicís a bheith i gceist leis an tréimhse phróiseála, agus bheadh ar an duine a bheith in ann íoc as lóistín dóibh féin agus iad féin a chothú i gcaitheamh na tréimhse sin.
Dá bhfanfadh saoránach eachtrach i ndiaidh tréimhse a víosa, d’fhéadfadh go nglacfadh sé suas le 30 lá nó níos faide ar an údarás áitiúil an fíneáil rófhanachta víosa a phróiseáil. Arís, caithfidh go mbeadh an duine in ann íoc as lóistín agus iad féin a chothú i gcaitheamh an ama seo.
Moltar do shaoránaigh de chuid na hÉireann sa tSín an-aire a thabhairt maidir lena bpasanna a chosaint óna gcailliúint, óna ngoid, nó óna milleadh, agus a bheith ar an airdeall maidir leis na tréimhsí fanachta a cheadaíonn an víosa atá acu.
Baic Fágála sa tSín
Féadfaidh údaráis na Síne bac fágála a chur ar dhuine chun cosc a chur orthu an tír a fhágáil. D’fhéadfaí bac fágála a chur ar dhuine i dtaca le fiosrúchán maidir leis an duine sin, maidir lena theaghlach nó le fostóir dá gcuid; nó i gcás coiriúil nó sibhialta, lena áirítear aighneas gnó. Is cuid de phróiseas dlí na Síne iad baic dá leithéid atá difriúil le coimeád nó príosúnacht agus d’fhéadfaidís maireachtáil le haghaidh míonna, nó níos faide. Bíonn siad ceangailte le réiteach an phróisis dlí a bhíonn i gceist agus ní bhíonn sé soiléir i gcónaí go bhfuil tú faoi réir bac fágála go dtí go ndéanann tú iarracht an tír a fhágáil. Má chuirtear cosc ort an tír a fhágáil de bharr bac fágála, ba cheart duit comhairle dhlí a lorg láithreach. Déan teagmháil le hAmbasáid nó le Consalacht Ghinearálta na hÉireann le haghaidh cúnamh consalachta chomh maith, le do thoil.
Béarla a Mhúineadh sa tSín
Molann an Ambasáid go láidir go ndéanfadh aon duine atá ag cuimhneamh ar mhúineadh sa tSín taighde cuimsitheach a dhéanamh ar scoileanna agus ionaid teangacha a d’fhéadfadh iad a fhostú agus a gcuid bona fide a dhearbhú. Ba cheart do gach duine atá ag iarraidh a bheith ina mhúinteoir a chinntiú go bhfuil an víosa ceart acu oibriú i scoil Shíneach. Is ar an saoránach de chuid na hÉireann, seachas ar an scoil, a leagfaidh údaráis na Síne an fhreagracht má sháraíonn siad téarmaí a víosa.
Agus fostaíocht á glacadh agat i scoil (phoiblí nó phríobháideach) caithfidh tú a chinntiú gceadaíonn do víosa oibre (Z-víosa) agus do cheadúnas oibre duit oibriú san eagraíocht áirithe sin. Má athraíonn an fostóir atá agat, nó an t-ionad, nó má ghlacann tú aon chineál fostaíochta páirt-aimseartha sa bhreis ba cheart duit seiceáil le húdaráis na Síne an bhfuil víosa oibre agus ceadúnas oibre nua de dhíth ort.