Comhairle phraiticiúil
- Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal chun leideanna slándála áisiúla a fháil agus tú ag taisteal thar lear
- Faigh eolas go háitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus ábhair imní slándála
- Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
- Bíodh an té le dul i dteagmháil leis i gcás éigeandála ar eolas agat
Corraíl
Is féidir le cúrsaí slándála dul in olcas go tapa i bPeiriú agus d’fhéadfadh nithe contúirteacha tarlú. Bí ar an eolas faoin méid atá ag tarlú thart ort trí bhreathnú ar na meáin áitiúla agus trí bheith i dteagmháil le d’óstán nó d’eagraí turas.
Léirsithe
Tarlaíonn léirsithe polaitiúla agus léirsithe a bhaineann le hobair go minic agus is féidir leo éirí foréigneach go han-tapa, go háirithe sna ranna Amazonas, Apurímac, Ayacucho, Arequipa, Cuzco, Huancavelica, Huanuco, Junin, Lambayeque, Loreto, Piura, Puno agus San Martín. Seachain aon áit a bhfuil sluaite móra daoine bailithe le chéile, coinnigh súil ar na meáin áitiúla chun eolas cothrom le dáta a fháil agus seiceáil le do chuideachta taistil nó le d’aerlíne sula dtéann tú ag taisteal. Cuireann agóidí isteach ar aerfoirt agus ar sheirbhísí iarnróid ó am go ham. D’fhéadfadh cuirfiúnna a bheith i bhfeidhm chomh maith agus d’fhéadfadh aerfoirt a bheith dúnta mar fhreagra ar chorraíl.
Bacanna tráchta
D’fhéadfadh bacanna tráchta tarlú ar phríomhbhóithre a chuireann isteach ar an trácht. Ná déan iarracht na bacanna a thrasnú, fiú má tá an chosúlacht air nach bhfuil aon duine ina bhfeighil.
Réigiún na teorann
Molaimid gan taisteal chuig réigiún na teorann idir Peiriú agus an Cholóim, áit a ndéanann arm Pheiriú patrolú agus monatóireacht do bhuíonta támhshuanach armtha agus grúpaí armtha neamhdhleathacha eile. D’fhéadfadh taobhaitheoirí an ghrúpa reibiliúnach Shining Path fós a bheith á thearmannú i gceantair iargúlta sna Garbhchríocha Theas lena n-áirítear San Martin, Huanuco, Pasco, Junin, Ucayali, Huancavelica, Ayacucho agus Apurimac. Molaimid duit do chuid riachtanas maidir le taisteal chuig na réigiúin sin a mheas go cúramach.
Staideanna Éigeandála
Tá Staideanna Éigeandála a fógraíodh blianta fada ó shin chomh maith leis na cinn a fógraíodh le déanaí i bhfeidhm ar fud iliomad réigiún i bPeiriú. Cuireann Staid Éigeandála a fhógraítear ar chúiseanna slándála freagracht as dlí agus ord ar na fórsaí cosanta. Ciallaíonn Staid Éigeandála a fhógraítear mar gheall ar thubáistí nádúrtha nó foláirimh sláinte nach féidir leis na gnáthsholáthraithe seirbhíse sa réigiún sin a ghealladh go mbeidh gnáthsheirbhísí ann agus teastaíonn cúnamh uathu go minic ón rialtas láir. Ní bhíonn na fórsaí armtha freagrach as dlí agus ord sna cásanna sin, áfach.
Mianaigh talún
Má bhíonn tú ag taisteal thar tír chuig Eacuadór nó sa réigiún teorann Peiriú-Eacuadór, go háirithe réigiú Cordillera del Cóndor, ní chóir duit ach pointí trasnaithe teorann oifigiúla a úsáid toisc mianaigh agus ordanáis neamhphléascaithe a bheith ansin. Má shocraíonn tú taisteal chuig na háiteanna sin, fan ar na príomhbhealaí agus seiceáil le do thionscnóir turas sula dtéann tú ag taisteal chuig na réigiúin lena mbaineann.
Sceimhlitheoireacht
Tá baol domhanda ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha i bPeiriú, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina gcruinníonn easaoránaigh. Tá imní leanúnach ann chomh maith go bhféadfadh gníomhaíocht sceimhlitheoireachta ó ghrúpaí treascracha tosú arís, lena n-áirítear iarsmaí ón ngrúpa Shining Path. Tharla eachtraí sceimhlitheoireachta aonair i gceantair agus i gcathracha iargúlta sna ranna Puno, Piura, Lambayeque, La Libertad, Junín, Ayacucho, Cuzco, Ucayali, San Martín, Huanuco, Huancavelica agus Apurímac. Robálacha, táthcheangail shealadacha bailte beaga agus, go fíor-annamh, foréigean (lena n-áirítear buamáil) nó bagairtí foréigin i gcoinne na bhfórsaí cosanta nó dhaoine ón bpobal áitiúil is mó a bhí i gceist. Tá taisteal thar tír sna réigiúin sin in ann a bheith contúirteach.
Sna príomhchathracha, tá an ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta teoranta do bholscaireacht. Má bhíonn tú i bPeiriú, ba chóir duit sluaite móra daoine agus áiteanna poiblí a sheachaint, go háirithe áiteanna a gcruinníonn eachtrannaigh.
Coiriúlacht
Tá leibhéal ard coiriúlachta tromchúisí i bPeiriú agus ní mór duit a bheith aireach maidir le do shábháilteacht phearsanta agus réamhchúram ciallmhar a dhéanamh i gcónaí.
- Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar in éineacht agat – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte
- Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip de do phas (agus de do dhoiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde sa bhaile.
- Ná taispeáin méideanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna tar éis thitim na hoíche, go háirithe má bhíonn tú leat féin. Seiceáil nach bhfuil aon duine do do leanúint tar éis duit do chuid gnó a chur i gcrích.
- Coinnigh súil ghéar ar do chuid stuif agus coinnigh greim air in áiteanna poiblí mar caiféanna idirlín agus stáisiúin bus nó traenach.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha nó gan soilse. Socraigh síob a fháil ó/go dtí chomh gar do dhoras d'óstáin/d'árasáin agus is féidir.
- Ná téigh ag siúl i d’aonair san oíche, go háirithe tar éis duit an teach tábhairne nó club oíche a fhágáil.
Coiriúlacht fhoréigneach
Tá fadhb sa tír maidir le coiriúlacht fhoréigneach, lena n-áirítear ionsaithe gnéis, robálacha armtha, mugálacha agus eachtraí goidte carranna, go háirithe i gcathracha Lima, Cusco agus Arequipa.
Mná ag taisteal
Ba chóir do mhná a bheith an-chúramach i gcríochfoirt bus agus nuair a théann siad isteach i tacsaithe agus ba chóir dóibh áiteanna iargúlta a sheachaint, go háirithe san oíche.
Oibreoirí tacsaithe neamhcheadúnaithe
Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna coireanna tromchúiseacha, lena n-áirítear robáil, ionsaí agus éigniú, i gcoinne taistealaithe a bhaineann úsáid as oibreoirí tacsaithe neamhcheadúnaithe, go háirithe i Lima agus Cusco. Is minic go ligeann gadaithe orthu féin gur tiománaithe tacsaí nó oibreoirí turas iad.
Má tá tú ag teacht isteach chuig aerfort idirnáisiúnta Lima, molaimid duit d’iompar a shocrú ag cuntair tacsaí laistigh den chríochfort idirnáisiúnta nó iompar a chur in áirithe roimh ré trí d’óstán. Ba chóir duit cúnamh a fháil ón bhfoireann in óstáin, brúnna, bialanna nó áiteanna siamsaíochta chun tacsaí nó turas ceadúnaithe a chur in áirithe duit.
Busanna
Tharla ionsaithe ar bhusanna idir-chúige i gceantair iargúlta, lena n-áirítear éigniú ar phaisinéirí agus ar chriú baineann. Tuairiscíonn póilíní go dtarlaíonn formhór na gcoireanna i gcoinne paisinéirí bus idir 10pm agus 5am, mar sin má shocraíonn tú dul ag taisteal ar bhus fad-achair san oíche, bí ar an airdeall agus cinntigh go bhfuil d’earraí luachmhara (pas, airgead, cártaí creidmheasa, srl.) in áit shábháilte má tá sé ar intinn agat dul a chodladh.
Drugaí éignithe coinne
Ceannaigh do dheochanna féin i gcónaí agus bíodh siad le feiceáil agat i gcónaí lena chinntiú nach gcuirtear drugaí éignithe coinne nó drugaí eile isteach iontu.
Calaois ATM
Baintear airgead turasóirí amach as a gcuntas tar éis dóibh meaisíní ATM a úsáid, go háirithe i gceantar Cusco agus ní mór duit na réamhchúraimí céanna a dhéanamh ag úsáid na meaisíní seo agus a dhéanfá in Éirinn. Murab ionann agus na meaisíní ATM in Éirinn, ní scaoileann na cinn i bPeiriú do chárta creidmheasa nó dochair amach go huathoibríoch nuair a fhaigheann tú do chuid airgid. Caithfidh tú cnaipe a bhrú chun é a fháil ar ais agus cuimhnigh é sin a dhéanamh nuair a chríochnaíonn tú an t-idirbheart. Tá treoracha i mBéarla ar iliomad ATManna sna príomhchathracha.
Pasanna caillte nó goidte
Má chailltear nó má ghoidtear do phas, d’fhéadfá a bheith ag fanacht coicís ar cheann nua. Coinnigh do cháipéisí taistil slán i gcónaí. Beidh sé níos éasca pas nua a fháil má tá tú in ann cóip den cheann caillte nó goidte a sholáthar. Mar sin coinnigh fótachóipeanna de do phas.
Má chailltear nó má ghoidtear do phas, caithfear cárta inimirce na nAindéas (féach an rannán a bhaineann le riachtanais iontrála chun tuilleadh eolais a fháil) agus stampa iontrála nua ar an bpas nua a phróiseáil in Oifig Inimirce Pheiriú i Lima:
Dirección General de Migraciones y Naturalización (DIGEMIN)
Seoladh: Prolongación Av. España 734, Breña, Lima
Teileafón (ó Lima): 433 0789
Uaireanta gnó: Luan go hAoine ó 08:00-12:00
Coiriúlacht a chur in iúl
Má fhulaingíonn tú coir agus tú i bPeiriú, cuir in iúl do na póilíní láithreach é. D’oscail rialtas Pheiriú oifigí um Chosaint Turasóirí in iliomad ceannphointí turasóireachta inar féidir le turasóirí gearáin a chlárú nó cúnamh a fháil via beolíne 24-uair an chloig. Is í an uimhir theagmhála ná 424 2053 i Lima agus 01 424 2053 lasmuigh de chathair Lima. Tá oibreoirí le Béarla ar fáil. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag Ambasáid na hÉireann i na tSile má tá cabhair uait.
Tiomáint
Má tá sé i gceist agat dul ag tiomáint i bPeiriú ní mór duit a bheith an-chúramach. Tá caighdeáin sábháilteachta na mbóithre an-íseal, go háirithe lasmuigh de na bailte agus na cathracha. Tarlaíonn timpistí go minic mar gheall ar dhrochthiomáint, feithiclí nach bhfuil cothabháil déanta orthu agus soilsiú neamhdhóthanach. Más mian leat a bheith ag tiomáint
- Tabhair leat do cheadúnas tiomána Éireannach iomlán agus do cheadúnas tiomána idirnáisiúnta agus bí cinnte go bhfuil árachas iomchuí agus dóthanach agat
- Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá baol go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
- Bí ar an eolas faoi dhlíthe tráchta Pheiriú, mar shampla luasteorainneacha
- Caith crios sábhála i gcónaí
- Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus ná bíodh málaí le feiceáil, ar fhaitíos go ndéanfaí iarracht iad a ghoid agus tú stoptha ag soilse tráchta
- Ná taisteal ar an mbóthar lasmuigh de na príomhchathracha san oíche.
Feithicil a fhruiliú
Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil. Fiú má thugann tú cead do phas a fhótachóipeáil, bíodh sé le feiceáil agat an t-am ar fad.
Seiceáil go bhfuil árachas dóthanach agat agus léigh téarmaí & coinníollacha an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).
Busanna
Tarlaíonn timpistí bus go minic, go háirithe san oíche agus maraíodh daoine agus bhain gortuithe tromchúiseacha do dhaoine mar thoradh ar thimpistí idirchathracha. Ní chóir duit ach amháin cuideachtaí iompair creidiúnacha a úsáid agus tú ag taisteal idir na príomhionaid turasóireachta agus caith crios sábhála i gcónaí agus tú ag taisteal ar bhus idirchathrach. Nuair is féidir é, ná téigh ag taisteal thar oíche, go háirithe i réigiúin sléibhtiúla agus iargúlta. Déan fiosrúcháin agus tú ag pleanáil turas fada ar bhus agus nuair is féidir é, tóg bus a oibríonn le dhá chriú, rud a thugann deis do thiománaithe sos a ghlacadh agus baol timpistí de bharr tuirse tiománaí a laghdú.
Aershábháilteacht
Tharla roinnt timpistí agus cásanna éigeandála inar maraíodh daoine, lena n-áirítear turasóirí, a bhain le aerárthaí beaga ag eitilt thar Línte Nazca thar na mblianta. Ná glac leis go bhfuil oibreoirí ag leanúint na gcaighdeán sábháilteachta agus cothabhála cuí.
Bugaithe gainimh
Bhain gortuithe do thurasóirí agus iad ag taisteal i mbugaithe gainimh áineasa, go háirithe sna dumhcha gainimh thart ar Ica agus Loch Huacachina. Níl na bugaithe seo rialaithe agus ní ghlacann na tiománaithe freagracht as leas a bpaisinéirí.