Thaistealaithe ban
Baineann baoil áirithe leis an taisteal i gcás gach duine. É sin ráite, is ann do roinnt áiteanna ina bhféadfadh baol níos mó a bheith i gceist do thaistealaithe ban mar gheall ar dhlíthe agus nósanna áitiúla a bhaineann le hinscne. Ar an leathanach seo leagtar Comhairle Taistil faoi leith amach do mhná a bhíonn ag taisteal ina n-aonar nó i ngrúpaí de mhná amháin.
Ciapadh agus ionsaí gnéis
Tá roinnt áiteanna ann ina bhféadfadh taistealaithe ban a bheith i mbaol níos mó ciaptha agus ionsaithe gnéis. D’fhéadfadh castacht bhreise a bheith i gceist leis seo mar gheall ar fhreagrúlacht na n-údarás áitiúil do choireanna ar bhonn inscne mar go bhféadfadh meonta ar an ábhar seo a bheith an-éagsúil leo sin in Éirinn.
Moltar i gcónaí do mhná a bheith airdeallach maidir lena dtimpeallacht agus tuiscint a bheith acu ar na dlíthe, agus ar na meonta áitiúla, maidir le gnásanna inscne na n-áiteanna a bhfuil siad ag taisteal chucu. Moltar a bheith cúramach agus tú ag plé le strainséirí, agus le turasóirí eile, sna háiteanna seo.
Is minic a mholtar gan siúl i d’aonar san oíche. Má bhíonn tacsaí á fháil agat, moltar a chinntiú go bhfuil an tiománaí ceadúnaithe go hoifigiúil agus gur le comhlacht a bhfuil dea-cháil air a oibríonn sé. Suigh i suíochán cúil an tacsaí i gcónaí.
Más rud é go ndéantar ionsaí gnéasach nó éigniú ort agus tú thar lear, cabhróidh an Ambasáid nó Consalacht Éireannach leat agus cuirfidh siad tacaíocht rúnda agus neamhbhreithiúnach duit.
Drugaí éigniú coinne
I roinnt áiteanna, d’fhéadfadh coirpigh aipeanna geandála agus áiteanna móra sóisialta amhail beár agus clubanna oíche a úsáid le mná agus fir a mhealladh le ceapadh go bhfuil gach rud go breá nuair nach amhlaidh atá.
Moltar go láidir ól go freagrach ionas nach ndéanann tú do mheabhair a laghdú gan mhachnamh i suíomhanna mar seo.
Ná fág bia nó deochanna gan aon duine ina mbun riamh agus bí cúramach agus tú ag glacadh le bia nó deochanna ó strainséirí nó ó dhaoine nua.
Má thosaíonn tú ag mothú aisteach nó tinn, téigh i dteagmháil le cara a bhfuil muinín agat as láithreach le cabhrú le tú a thabhairt chuig áit shábháilte, an t-óstán nó an lóistín ina bhfuil tú ag fanacht, mar shampla.
Seans go dteastódh uait dul i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla nó leis an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire freisin.
Foréigean in aghaidh na mban agus ciorruithe soghluaisteachta
Is ionann gach gníomh foréigin in aghaidh na mban agus sárú ar bhunchearta daonna agus ní féidir iad a dhlisteanú ar bhonn ar bith. Tá roinnt áiteanna ann, áfach, ina bhféadfadh sé a bheith níos dúshlánaí do mhná gníomhartha den chineál seo a thuairisciú agus a chur ina gceart ná mar a bheadh in Éirinn mar gheall ar dhlíthe agus nósanna áitiúla.
Ní bhíonn cosaintí foréigin inscnebhunaithe i bhfeidhm i ngach córas dlí. I ndlínsí áirithe, d’fhéadfaí bac dlíthiúil a chur ar chumas na mban taisteal laistigh den tír nó an tír a fhágáil ina n-aonar.
Molaimid go han-láidir do shaoránaigh na hÉireann taighde a dhéanamh ar na cosaintí agus forálacha áitiúla atá in áiteanna den chineál seo roimh thaisteal. Seachain taisteal chuig áiteanna den chineál sin más féidir leat má shíleann tú go bhféadfá a bheith i mbaol an fhoréigin inscnebhunaithe.
Má tharlaíonn éigeandáil thar lear, téigh i dteagmháil le do thoil leis an Ambasáid, Consalacht nó Consalacht Oinigh Éireannach is gaire duit láithreach.