Pósadh agus páirtnéireacht shibhialta thar lear
Faoi 18?
Más mian leat pósadh nó tabhairt faoi pháirtnéireacht shibhialta thar lear, beidh ort gach riachtanas dlí sa tír atá i gceist a chomhlíonadh.
Riachtanais dlí a chomhlíonadh
Tá a riachtanais dlí féin ag gach tír a rialaíonn pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta agus d’fhéadfadh siad a bheith sách éagsúil ó riachtanais na hÉireann.
Déan teagmháil leis an oifig um Chlárú Sibhialta sa tír a mbeidh tú ag pósadh ann chun tuilleadh eolais a fháil.
Teastas Saoirse chun Pósta
Is doiciméad é seo ina ndeirtear go bhfuil tú saor le pósadh, atá ag teastáil i roinnt tíortha sula bhféadfaidh tú pósadh nó tabhairt faoi pháirtnéireacht shibhialta. An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a eisíonn an teastas, ar a dtugtar Litir Shaoirse Shibhialta, Teastas de Coutume nó Teastas Nulla Osta air freisin.
Teastas Saoirse chun Pósta
Ní mór duit iarratas ar Theastas Saoirse chun Pósta a dhéanamh ar líne agus cruachóip de do dhoiciméadúchán tacaíochta a chur ar aghaidh chugainn.
Faoi 18?
Má tá tú féin nó do pháirtí sibhialta faoi 18 agus má chónaíonn ceachtar agaibh in Éirinn de ghnáth, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Teaghlaigh Chuarda nó ar an Ard-Chúirt le haghaidh ordú a thabharfaidh cead chun pósta duit. Moltar duit comhairle dlí a fháil sula ndéanann tú sin.
Do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta a chlárú
Má phósann tú nó má thugann tú faoi pháirtnéireacht shibhialta thar lear, ní aithneofar é sin in Éirinn ach amháin má chláraítear é sa tír inar tionóladh an searmanas agus ar an gcoinníoll gur leanadh na gnásanna dlí uile.
Do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta a chlárú
Tugtar aitheantas mar pháirtnéireachtaí sibhialta in Éirinn do phósadh comhghnéis, páirtnéireachtaí sibhialta nó aontais sibhialta a dtugtar fúthu sna dlínsí seo a leanas:
An Airgintín | An Ostair | An Bheilg |
An Bhrasaíl | Ceanada | Poblacht na Seice |
An Danmhairg | An Fhionlainn | An Fhrainc |
An Ghearmáin | An Íoslainn | Manainn |
Jersey | Cathair Mheicsiceo | Quintana Roo (Meicsiceo) |
An Ísiltír | An Nua-Shéalainn | An Iorua |
An Phortaingéil | An Afraic Theas | An Spáinn |
An tSualainn | An Eilvéis | An Ríocht Aontaithe |
Uragua | California (SAM) | Colorado (SAM) |
Connecticut (SAM) | Delaware (SAM) | Haváí (SAM) |
Illinois (SAM) | Iowa (SAM) | Maine (SAM) |
Maryland (SAM) | Massachusetts (SAM) | Minnesota (SAM) |
New Hampshire (SAM) | New Jersey (SAM) | New Mexico (SAM) |
Nua Eabhrac (SAM) | Oregon (SAM) | Rhode Island (SAM) |
Vermont (SAM) | Washington (SAM) | Washington DC (SAM) |