Déan trádáil le hÉirinn
Nuálach, solúbtha agus iontaofa.
Trade with Ireland
Buntáiste iomaíoch
Nuálach, solúbtha agus iontaofa
Tá an bonneagar, an tallann agus an cultúr ag Éirinn chun tacú le nuálaíocht ghnólachtaí nua-thionscanta go dtí corparáidí idirnáisiúnta. Is pobal oilte, cruthaitheach, seiftiúil sinn a bhfuil cáil na hoiriúnaitheachta orainn nuair a chastar dúshláin nua orainn. Is é ár dtimpeallacht dhinimiciúil gnó agus daonra ilchultúrtha is cúis le hÉirinn a bheith ar an ngeilleagar is tapúla fáis san Aontas Eorpach agus mar bhaile do cheannairí domhanda ar fud réimse earnálacha. Tá comhlachtaí Éireannacha ag seachadadh buntáiste iomaíoch i dtionscail mhóra ar nós airgeadais, teicneolaíocht dhigiteach agus eolaíochtaí saoil. Is é geilleagar na hÉireann, geilleagar atá oscailte go huathúil, broidiúil agus comhoibríoch, a d’fhorbair daoine agus comhlachtaí gnó agus dea-theist as cuimse air maidir le bheith ag freastal ar riachtanais na gceannairí sa mhargadh domhanda.
Fiontraíocht Éireann
Eagraíocht rialtais is ea Fiontraíocht Éireann atá freagrach as forbairt agus fás fiontair Éireannacha i margaí an domhain.
Bord Bia
An ról atá ag Bord Bia, Bord Bia na hÉireann, ná a bheith mar nasc idir soláthróirí bia, dí agus gairneoireachta Éireannacha agus custaiméirí reatha agus féideartha ar fud an domhain.
Bord Iascaigh Mhara
Cabhraíonn Bord Iascaigh Mhara chun Tionscal Bia Mara na hÉireann a fhorbairt trí shaineolas teicniúil, tacaíochta gnó, maoiniú agus oiliúint a chur ar fáil agus trí chleachtas comhshaoil freagrach a chur chun cinn.
Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann
Ag tacú le forbairt tráchtála dhearthóirí agus dhéantóirí na hÉireann, ag spreagadh nuálaíochta, ag tacú le smaointeoireacht deartha agus bonn eolais a chur faoi bheartas Rialtais.
An Buntáiste Éireannach
Foghlaim tuilleadh faoi #IrishAdvantage